Conradh na Gaeilge, Gaillimh – Gaelic League, Galway

Sale!

0

Category:

Description

CONRADH NA GAEILGE, GAILLIMH
45, Sráid Dominic.

 Bhunaíodh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893. Bhunaigh Dúbhghlas de hÍde é i dteannta le An t-Ath Eoghan Ó Growney agus Eoin Mac Néill.

Ba é príomh-aidhmeanna na h-eagraíochta ná an teanga Ghaeilge a chaomhnú is a athbheochaint is a chur chun cinn mar teanga labhartha in úsáid laethiúil na ndaoine.

Chomh maith leis an Cumann Lúthchleas Gaeil agus Amharclann na Mainistreach (Abbey Theatre), bhí Conradh na Gaeilge ar cheann de na gluaiseachtaí cultúrtha san athbheochaint chultúra in Éirinn ag deireadh an naoiú haois déag agus tús na fiche haois.

Is é 45 Sráid Dominic i nGaillimh, ina cheanncheathrú Chonartha na Gaeilge i nGaillimh. Foirgnimh cáiliuil a bhíodh mar príomh-oifig sean-Bhárdais na Gaillimhe, agus fadó roimhe sin ina ‘townhouse’ do na ‘Perrse’s’ – clann bhaiste Lady Gregory (nasc leis an ‘Abbey Theatre’).

Rud suimiúil faoi – tá logó an Chonartha atá ar bharr an dorais cothram, i stíl na ndearadh, agus sa chló Ghaelach, leis an logo chéanna a bhí ag an eagraíocht nuair a bhunaíodh é i 1893. Ní hionann an scéal leis an Conradh i mBaile Átha Cliaith – d’athraigh an eagraíocht náisiúnta a logó cúpla bliain ó shin go ceann nua-aimsire.

Tá ‘vibe’ tradisiúnta ag Conradh na Gaeilge i nGaillimh agus ‘fair play’ dhóibh, tá sé feiliúineach le stádas dá-theangacha na cathrach a dhearbhú sa bhliain 2016!